
Tionóladh an chéad chruinniú den dream ar mhian leo an Cumann le Béaloideas Éireann a chur ar bun i Mí na Samhna 1926 agus cuireadh an Cumann ar bun go foirmeálta ina dhiaidh sin i Mí Eanáir 1927.
Ar a chéadbhunaitheoirí agus a chéad oifigigh bhí:
Iris bhliantúil, piar-athbhreithnithe í Béaloideas - Irisleabhar an Chumainn le Béaloideas Éireann ar a bhfuil Bord Eagarthóireachta agus Bord Comhairleach Idirnáisiúnta.
San iris, foilsítear réimse
leathan alt acadúla agus anailíse i léann an bhéaloidis maidir le béaloideas na hÉireann agus
na tíortha atá cóngarach di, go háirithe Alba agus Manainn.
I nGaeilge (le hachoimre Béarla) agus i mBéarla is mó a bhíonn na hailt. Bíonn rannóg mhór léirmheasanna san iris freisin, dírithe ar fhoilseacháin i réimse an bhéaloidis agus léann an bhéaloidis.
Ag an Dr. Eilís Ní Dhuibhne
'The Name of the Helper: The Brothers Grimm and Irish Folklore'

Ar son an Chumainn le Béaloideas Éireann ag céiliúradh 200 ó foilsíodh an leabhar 'Kinder und Hausmarchen' ag na deartharacha Grimm i 1812.
7.00 i.n. 3ú Aibreáin 2012
Seomra Seimineár
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Nli(Tuilleadh eolais - Déan cliceáil ar an íomhá)