An Cumann le Béaloideas Éireann

The Folklore of Ireland Society

 

 


Anraí ó Braonáin
Uachtarán an Chumainn

Béaloideas 79 (2011) ar fáil anois

Tionóladh an chéad chruinniú den dream ar mhian leo an Cumann le Béaloideas Éireann a chur ar bun i Mí na Samhna 1926 agus cuireadh an Cumann ar bun go foirmeálta ina dhiaidh sin i Mí Eanáir 1927. Ar a chéadbhunaitheoirí agus a chéad oifigigh bhí:

Pádraig Ó Síochfhradha
('An Seabhac'),
Dubhghlas de hÍde
(An Craoibhín Aoibhinn')
agus Séamus Ó Duilearga

Mar a dúradh in eagarfhocal an chéad eagráin den iris Béaloideas a foilsíodh i Mí Meithimh 1928, ba é aidhm an Chumainn le béaloideas na hÉireann a bhailiú, a chaomhnú agus a fhoilsiú.

 
y>