An Cumann le Béaloideas Éireann
The Folklore of Ireland Society

TIONÓL 2012

Réachtálfar an Tionól bliantiúl an Chumainn i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí i mí na Bealtaine 2012. Dataí le socrú.


TIONÓL 2011

Bhí Tionól 2011 ar siúl ar an 27 agus 28 Bealtaine i dTeileann, An Charraig, Contae Dhún na nGall. 

Tá rogha de ghriangrafanna le feiceáil ANSEO





Béaloideas ar fáil anois ar Jstor!
 

Tá áthas orainn a fhógairt go bhfuil iar-eagráin de Béaloideas ar fáil ar líne trí JSTOR, an chartlann sheachbhrabúsach dhigiteach. Tugtar an deis do thaighdeoirí téacs iomlán leaganacha PDF de na hailt ar fad in iar-eagráin de Béaloideas ón gcéad bhliain ar foilsíodh é i 1927 go dtí na cúig bliana is deireanaí a chuardach, a bhrabhsáil, a íoslódáil agus a phriondáíl.

Tá an iris ar fáil mar chuid de Bhailiúchán na hÉireann ag JSTOR. Is féidir leis an lucht úsáidte a ghlacann páirt sa bhailiúchán seo teacht ar na foilseacháin go díreach ag www.jstor.org. Le heolas a fháil faoin mbealach ar féidir leis an institiúid agat féin páirt a ghlacadh i mBailiúchán na hÉireann, déan teagmháil le do thoil le: support@jstor.org

JSTOR – is seirbhís sheachbhrabúsach dhigiteach í a chuidíonn le scoláirí, taighdeoirí agus mic léinn réimse leathan ábhar i gcartlann dhigiteach iontaofa ina bhfuil breis agus míle iris acadúil agus ábhar eile léinn, a aimsiú. a úsáid agus cur leis ábhar sin.

Eolas faoi JSTOR agus Bailiúcháin na hÉireann ar fáil ag: Jstor Ireland Collection

Cuardaigh JSTOR


IVRLA

Cúis mórtais agus áthais do Leabharlann agus Cartlann Fhíorúil na hÉireann um Thaighde i gcomhar le Institiúid na hÉireann don Léann Daonna UCD, le Leabharlann UCD, agus le Bailiúcháin Náisiúnta Béaloidis agus Cartlanna UCD, dhá bhailiúchán nua shuaithinseacha a chur i láthair.

Tá ‘Bailiúchán de Ghrianghraif Béaloidis’ agus ‘Páipéir Michael Collins (1890-1922)’ ar fáil anois ar líne. Tá 402 grianghraf sa Bhailiúchán de Ghrianghraif Béaloidis agus is sampla ionadaíoch iad sin de na grianghraif sa Bhailiúchán Náisiúnta Béaloidis. Tá 80,000 íomhá nó mar sin sa bhailiúchán iomlán, saothar a rinne foireann an Choimisiúin le Béaloideas Éireann agus a chomharbaí go príomha.
Sa bhliain 1985 chuir Roinn Bhéaloideas Éireann 170 grianghraf ar taispeántas faoin teideal ‘I gCuimhne na nDaoine’ mar chomóradh ar chaoga bliain ó bunaíodh an Coimisiún le Béaloideas Éireann. Ba é aidhm an taispeántais scóip agus éachtaí ghníomhaíochtaí bailiúcháin agus cartlainne an Choimisiúin, ó bunaíodh é i 1935 go dtí bunú Roinn Bhéaloideas Éireann, Ollscoil na hÉireann BÁC i 1971, a léiriú.
Chomh maith leis an taispeántas seo, tá deis ag taighdeoirí brabhsáil a dhéanamh ar shampla eile d’íomhánna de shaol agus de thírdhreach cultúrtha na hÉireann atá sa Bhailiúchán Náisiúnta Béaloidis. Is claonchlónna níotráite iad an chuid is mó de na grianghraif seo a bhaineann leis na 1930dí, ‘40dí agus ‘50dí a digitíodh le blianta beaga anuas. Tá an bunbhailiúchán sa Bhailiúchán Náisiúnta Béaloidis i UCD.

Tugann Páipéir Michael Collins, ina n-iomláine, sracfhéachaint dúinn ar shaol an Choileánaigh i Londain agus ar an bpáirt leanúnach a bhí aige i saol sóisialta na hÉireann – i gConradh na Gaeilge agus i gCumann Lúthchleas Gael – agus an dlúthcheangal a bhí aige lena theaghlach agus lena chairde in Éirinn. Léiríonn an bailiúchán seo, chomh maith, a fheasacht pholaitiúil agus a thoilteanas chun aghaidh a thabhairt ar chúrsaí polaitiúla, agus chun cúrsaí polaitiúla agus polaiteoirí a cheistiú.
Cé gur bailiúchán beag atá ann, tugann sé léargas uathúil dúinn ar dhuine de na pearsana is rúndiamhraí i measc pholaiteoirí na hÉireann. Tá an bunbhailiúchán i gCartlann UCD.
Is féidir teacht ar na bailiúcháin seo agus ar eolas mionsonraithe ar shuíomh Thaisclann IVRLA http://ivrla.ucd.ie. Is iad na bailiúcháin seo na chéad chinn de shraith iomlán atá á seoladh i rith Dheireadh Fómhair 2009.